« Older Entries Newer Entries » Subscribe to Latest Posts

8 Dec 2011

An Tionscnamh Tógála ar eTenders

Posted by James Mernin. No Comments

Tá an-áthas ar an mBord go bhfuil tionscnamh tógála na scoile thuas anois ar láithreán Gréasáin do r-thairiscintí (suíomh idirlíon do tairiscintí Poiblí na hÉireann). Táthar ag súil le ailtire agus foireann theicniúil a cheapadh go luath san athbhliain.

29 Nov 2011

Díolachán Císte

Posted by James Mernin. No Comments

Le déanai bhí diolachán císte ag daltaí Rang 6 sa scoil agus bailíodh €344. Bronnadh an t-airgead ar Séamas Ó hAolainn, Cisteoir Choiste na dTuistí.

Go raibh maith agat,
Daithí

28 Nov 2011

Nuachtlitir, Samhna 2011

Posted by James Mernin. No Comments

Tá an Nuachtlitir is deanaí (Samhna 2011) anois ar leathanach na Nuachtlitreach.

24 Nov 2011

Food & Wine Tasting Evening

Posted by James Mernin. No Comments

Tá an t-aonach fíona is bia bliantúil urraithe ag Centra Uí hÍoscain, Trá Mhór, ar siul arís i mbliana ar an gCéadaoin an 14ú lá de Nollaig. Rachaidh gach airgead a bhailítear go Gaelscoil Philib Barún agus Scoil na Croise Naofa.

Tá costas €8 ar na ticéid atá ar fáil ó roinnt tuistí nó ó Oifig na Scoile (agus ó rogha maith siopaí is gnónna áitiúla). Is mór linn bhúr dtacaíocht don oíche thaitneamhach seo mar aon le tacaíocht Mhuintir Uí hÍoscáin.

24 Nov 2011

Pacáil Málaí

Posted by James Mernin. No Comments

D’eagraigh Coiste na dTuistí Pacáil Málaí i Supervalu an Satharn seo caite. Gabhann John Breen, Cathaoirleach Choiste na dTuistí, buíochas le cách a chabraigh idir tuismitheoirí agus dalta. Bailíodh €626 Seo anuas ar an €340 a bhailiodh ag an díolachán císte.

Also noteworthy is the really impressive, efficient and polite manner in which the children conducted themselves. “They really took the initiative when needed and were a really nice bunch”, said one parent after the event.

Keep up the good work!

24 Nov 2011

Comhghairdeas Rang 6

Posted by James Mernin. No Comments

The annual school cake sale was held on 27 October 2011 and a special word of thanks goes to all the pupils in 6th class for their superb efforts during the planning, organising and execution of the cake sale. They are a tribute to their families and hopefully the experience will stand to them in their future endeavours.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil do gach duine a chabhraigh sa díol agus freisin do gach duine a rinne, cheannaigh agus níos tábhachtaí a d’ith cáca milis ar son na scoile.

Gur raibh maith agat.
Císteoir Séamus Ó hAolaoin.

8 Nov 2011

Cruinnithe Oidí Tuisti

Posted by Daithí de Paor. No Comments

Beidh cruinnithe oidí / tuistí ar siúl an tseachtain seo chugainn ar an gCéadaoin an 16ú lá 3-6pm. agus Déardaoin an 17ú lá ón 3-5pm. Cuir in iúl do mhuinteoir do pháiste cén t-am is oirúnaí duit agus déanfar gach iarracht freastal ort.

You may email your choice of time to eolas@pilibbarun.com. Please send the following:

Ba mhaith liom bualadh le Múinteoir ……………….. le caint faoi……………….. ag …………….. ar an Céadaoin / Déardaoin

Siniú

28 Oct 2011

Scoláirí ar Radio Poball na Trá Móire

Posted by James Mernin. No Comments

Cuireadh iarscoláirí na Gaelscoile faoi agallamh le déanaí ar TCR. Is féidir éisteacht le Síle, Ciara Ní Sheanacháin agus Ciara Ní Chlúmháin, chomh maith le Céilí ar an gceangal seo.

26 Oct 2011

Boird Nua – Cruinniú do Thuismitheoirí

Posted by Daithí de Paor. 1 Comment

Tá sé tugtha mar chúram do Chathaoirleach an Bhoird, Seán Breathnach, ag pátrún na scoile an próiséas le bord nua a cheapadh a chur sa tsiúl.

Chuige sin tugann Seán cuireadh do gach tuismitheoir freastal ar ollchruinniú tuismitheoirí ar an gCéadaoin an 9ú lá Samhain 2011 ag 7:00 sa scoil le ionadaithe tuismitheoirí a shuífidh ar an mbord nua a cheapadh. Ag an gcruinniú glacfar le ainmniúcháin d’athair agus do mháthair agus más gá beidh toghchán rúnda ar an oíche. Beidh na baill tofa ar an oíche ar an mbord go ceann ceithre bhliana.

Bíonn cruinnithe Boird Bainistíochta as Gaeilge agus tá a thuilleadh eolas faoi bhoird bhainistíochta agus na céimeanna ceapúcháin anseo.

26 Oct 2011

Enda ar ár dtaobh

Posted by Daithí de Paor. No Comments

Bhuail tuismitheoirí daltaí agus príomhoide na scoile le Enda Ó Cionnaith, an Taoiseach, i dTrá Mhór an Aoine seo caite agus é ar chuairt tapaidh go Supervalu lena iarrthóir uachtaránachta, Gay Mitchell. Gheall Enda do Daithí de Paor go gcabhródh sé leis an scoil ach a scríobh chuige faoinár n-iarratas ar scoil bhuan. Tá sé seo déanta. Ár mbuíochas le Maxine Keoghane, Méar na Trá Móire a d’ardaigh cás na scoile leis agus a thug cárta lámhdhéanta ag na páistí dó.