28 Nov 2011
Nuachtlitir, Samhna 2011
Tá an Nuachtlitir is deanaí (Samhna 2011) anois ar leathanach na Nuachtlitreach.
28 Nov 2011
Tá an Nuachtlitir is deanaí (Samhna 2011) anois ar leathanach na Nuachtlitreach.
24 Nov 2011
Tá an t-aonach fíona is bia bliantúil urraithe ag Centra Uí hÍoscain, Trá Mhór, ar siul arís i mbliana ar an gCéadaoin an 14ú lá de Nollaig. Rachaidh gach airgead a bhailítear go Gaelscoil Philib Barún agus Scoil na Croise Naofa.
Tá costas €8 ar na ticéid atá ar fáil ó roinnt tuistí nó ó Oifig na Scoile (agus ó rogha maith siopaí is gnónna áitiúla). Is mór linn bhúr dtacaíocht don oíche thaitneamhach seo mar aon le tacaíocht Mhuintir Uí hÍoscáin.
24 Nov 2011
D’eagraigh Coiste na dTuistí Pacáil Málaí i Supervalu an Satharn seo caite. Gabhann John Breen, Cathaoirleach Choiste na dTuistí, buíochas le cách a chabraigh idir tuismitheoirí agus dalta. Bailíodh €626 Seo anuas ar an €340 a bhailiodh ag an díolachán císte.
Also noteworthy is the really impressive, efficient and polite manner in which the children conducted themselves. “They really took the initiative when needed and were a really nice bunch”, said one parent after the event.
Keep up the good work!
24 Nov 2011
The annual school cake sale was held on 27 October 2011 and a special word of thanks goes to all the pupils in 6th class for their superb efforts during the planning, organising and execution of the cake sale. They are a tribute to their families and hopefully the experience will stand to them in their future endeavours.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil do gach duine a chabhraigh sa díol agus freisin do gach duine a rinne, cheannaigh agus níos tábhachtaí a d’ith cáca milis ar son na scoile.
Gur raibh maith agat.
Císteoir Séamus Ó hAolaoin.
8 Nov 2011
Beidh cruinnithe oidí / tuistí ar siúl an tseachtain seo chugainn ar an gCéadaoin an 16ú lá 3-6pm. agus Déardaoin an 17ú lá ón 3-5pm. Cuir in iúl do mhuinteoir do pháiste cén t-am is oirúnaí duit agus déanfar gach iarracht freastal ort.
You may email your choice of time to eolas@pilibbarun.com. Please send the following:
Ba mhaith liom bualadh le Múinteoir ……………….. le caint faoi……………….. ag …………….. ar an Céadaoin / Déardaoin
Siniú
28 Oct 2011
Cuireadh iarscoláirí na Gaelscoile faoi agallamh le déanaí ar TCR. Is féidir éisteacht le Síle, Ciara Ní Sheanacháin agus Ciara Ní Chlúmháin, chomh maith le Céilí ar an gceangal seo.
26 Oct 2011
Tá sé tugtha mar chúram do Chathaoirleach an Bhoird, Seán Breathnach, ag pátrún na scoile an próiséas le bord nua a cheapadh a chur sa tsiúl.
Chuige sin tugann Seán cuireadh do gach tuismitheoir freastal ar ollchruinniú tuismitheoirí ar an gCéadaoin an 9ú lá Samhain 2011 ag 7:00 sa scoil le ionadaithe tuismitheoirí a shuífidh ar an mbord nua a cheapadh. Ag an gcruinniú glacfar le ainmniúcháin d’athair agus do mháthair agus más gá beidh toghchán rúnda ar an oíche. Beidh na baill tofa ar an oíche ar an mbord go ceann ceithre bhliana.
Bíonn cruinnithe Boird Bainistíochta as Gaeilge agus tá a thuilleadh eolas faoi bhoird bhainistíochta agus na céimeanna ceapúcháin anseo.
26 Oct 2011
Bhuail tuismitheoirí daltaí agus príomhoide na scoile le Enda Ó Cionnaith, an Taoiseach, i dTrá Mhór an Aoine seo caite agus é ar chuairt tapaidh go Supervalu lena iarrthóir uachtaránachta, Gay Mitchell. Gheall Enda do Daithí de Paor go gcabhródh sé leis an scoil ach a scríobh chuige faoinár n-iarratas ar scoil bhuan. Tá sé seo déanta. Ár mbuíochas le Maxine Keoghane, Méar na Trá Móire a d’ardaigh cás na scoile leis agus a thug cárta lámhdhéanta ag na páistí dó.
26 Oct 2011
Dhearamar t léinte le comóradh a dhéanamh ar an bhfeitheamh fada déanta ag an scoil ar chóiriocht shealadach agus chaith tuismitheoirí agus daltaí iad i rith spraoi i bpáirc na scoile an Aoine seo caite.

Tá tuismitheoirí ag glacadh páirt i maratóin Bhaile Átha Cliath an Luan seo chugainn agus tá preas ráitis curtha le chéile ag Coiste na dTuistí ag tarraingt ard ar an maratóin chóiríochta shealadaigh rite ag Gaelscoil Philib Barún. Tá Preas Ráitis anseo.
15 Oct 2011
Tá an Nuachtlitir is deanaí (Dheireadh Fhómhair 2011) anois ar leathanach na Nuachtlitreach.