Sraith Shacair 2009
An Chraobhacha (24 Meitheamh 2009)
Sunderland 2-2 West Brom
Bhuann Sunderland Abu 4-2 le ciceanna eirice!
D’eirigh le Sunderland teacht thar nais tar eis a bheith thíos 2-0 sa chead leath. Chothromaigh Evan Ó Conchubhair an scor sa dara leath agus bhuaigh siad 4-2 sna ciceanna eirice tar eis am breise. Cirtne o Conchubhair a ghnthaigh an cul bhuacach nuair a shaigh si san eangach e thar Aodan Fullam. Laoch an chluiche Lumi Kanwei, West Brom
No Leathchraobhacha (23 Meitheamh 2009)
West Brom in aghaidh Sunderland sa Chraobh ar an gCéadaoin an 24ú lá san Astro Turf.
West Brom 5-0 Chelsea
Bhí bua éasca ag West Brom sa chéad cluiche leathcheannais le dhá chúl ó Lumi. Bhí Chelsea gan Eric Yahaya faraoir a chos fós gortaithe.
Sunderland 9-6 Man City
Rinne Abbie Ni Dhonncha ó Sunderland Man City a chloi ina onair le dhá chul sa dara leath. Shábhail Conall de Paor ar an line sna soicindí deireanach le Dónal rang a haon a choimead amach.
Fioreann na Sraithe 2009
Tá foireann na sraithe roghnaithe. Sé sin an naonúir imreoir ab’fhearr ó gach fhoireann tar éis an 110 cluiche. Roghnaigh na paistí iad féin iad.
Sa Chúl:
- Aodhdán Fullam (Rang 4) West Brom
Imreoirí ar an bPáirc:
- Sam Ó Moráin (Rang 5) Everton
- Abbie Ní Dhonncha (Rang 2) Sunderland
- Daithí ó Cinnéide (Rang 3) Hull
- Jack Ó Broin (Rang 4) Tottenham Hotspur
- Aodh Ó Conchuhair (Rang 5) Man City
- Dónal Ó Conchubhair (Rang 1) Man City
- Morgan Ó Leocháin (Rang 4) Aston Villa
- Chriostóir Ó Súilleabhain (Rang 6) Tottenham Hotspur
An tSraith Shacair críochnaithe (22 Meitheamh 2009)
| - | - | - | Sa Bhaile | As Baile | Iomlán | - | - | |||||||||
| - | Foireann | P | W | D | L | F | A | W | D | L | F | A | F | A | GD | Pts |
| 1 | West Brom | 20 | 5 | 2 | 3 | 43 | 36 | 6 | 3 | 1 | 41 | 31 | 84 | 67 | 17 | 38 |
| 2 | Sunderland | 20 | 3 | 5 | 2 | 41 | 37 | 6 | 3 | 1 | 51 | 40 | 92 | 77 | 15 | 35 |
| 3 | Man. City | 20 | 8 | 1 | 1 | 82 | 26 | 3 | 0 | 7 | 33 | 43 | 115 | 69 | 46 | 34 |
| 4 | Chelsea | 20 | 5 | 2 | 3 | 64 | 48 | 4 | 5 | 1 | 57 | 54 | 121 | 102 | 19 | 34 |
| 5 | Aston Villa | 20 | 7 | 0 | 3 | 51 | 44 | 3 | 2 | 5 | 35 | 40 | 86 | 84 | 2 | 32 |
| 6 | Hull | 20 | 5 | 3 | 2 | 46 | 41 | 3 | 2 | 5 | 47 | 55 | 93 | 96 | -3 | 29 |
| 7 | Everton | 20 | 3 | 1 | 6 | 43 | 51 | 5 | 2 | 3 | 36 | 43 | 79 | 94 | -15 | 27 |
| 8 | Liverpool | 20 | 4 | 2 | 4 | 31 | 29 | 2 | 3 | 5 | 25 | 33 | 56 | 62 | -6 | 23 |
| 9 | Man. United | 20 | 3 | 3 | 4 | 49 | 55 | 3 | 0 | 7 | 47 | 61 | 96 | 116 | -20 | 21 |
| 10 | Tot’ham Hotspur | 20 | 5 | 1 | 4 | 58 | 49 | 1 | 0 | 9 | 41 | 71 | 99 | 120 | -21 | 19 |
| 11 | Arsenal | 20 | 3 | 3 | 4 | 29 | 31 | 0 | 3 | 7 | 34 | 66 | 63 | 97 | -34 | 15 |
.
Tráchtaireacht ar an gCluiche: 22 Meitheamh 2009
Everton 5-9 Sunderland
Aston Villa 2-4 Liverpool
Bhí an dá chluiche deireannach sa sraith shacair ar siúl inniu. Tá 110 cluiche imeartha ar fad sa sraith agus mar atá le feiscint ón tábla d’eirigh le West Brom fanacht ar mhullach an chlair ainneoin a trí chluiche deireannach a chailliúnt. Imreoidh said in aghaidh Chelsea sa chluiche leathcheannais a bheidh ar siúl amárach an Mhairt an 23ú lá sa scoil. Tá an dara áit ghnóthaithe ag Sunderland le bua maith ina gcluiche deireannach ar Everton. Imreoidh said in aghaidh Man City anois sa dara leathchraobh a bheidh ar siúl amárach arís ag am lóin mhóir.
Tráchtaireacht ar an gCluiche: 17 Meitheamh 2009
Aston Villa 6-5 West Brom
Tá Aston Villa ar ais sa rás don cheathrú áit le bua iontach ar West Brom a bhí gan Aodhdán Fullam, a chúl báire iontach.
Tráchtaireacht ar an gCluiche: 16 Meitheamh 2009
West Brom 3-8 Man Utd
Chaill West Brom inniu de bharr go bhfuil Lumi Kanwei agus ar saoire agus Natasha Ní Labaire gortaithe. Tá Seán Mac buatha bíodh go bhuil siadar bharr na sraithe gan na himreoiri seoconas huafaidh said sa chraobh?
Hull 2 -1 Liverpool
Tá port Liverpool seinnte leis an gcailliúnt seo. Tá deis fós ag Hull fail isteach sa 4 ú ait.
Tráchtaireacht ar an gCluiche: 11 Meitheamh 2009
Chelsea 6-2 Man Utd
Cé a dúirt go mbeadh Chelse caillte gan a laoch Yahaya? Bua iontach i gcoinne Man Utd a choimeadann iad sa dara áit.
Man City 13-7 Hull
Ní féidir City a chloí na laethanta seo le Dónal iontach Ó Conchubhair ó rang a haon in ard form. Bhí Cormac Tnúthail, Captaen Hull, in ísle brí tar éis an chluiche ag admháil ná féidir leo anois an tábla a dhreapadh.
Arsenal 1-2 Liverpool
Cúl lena cheann o Eoin ó Dálaigh a bhuaigh an cluiche seo a bhfagann Arsenal an-ghar do bhun an tábla.
Tráchtaireacht ar an gCluiche: 10 Meitheamh 2009
Spurs 2-1 Aston Villa
Spurs Baucach ar Deireadh
Ar deireadh bhuaigh Spurs cluiche le cúl amháin. Ta dioma ar Villa mar chaill said an seans an dara áit a bhaint amach.
Sunderland 3-3 Everton
Comhscór eile i lár an tábla
Chríochnaigh an dá fhoireann seo ar chomhscór tar eis cluiche dian. Bhí an dá fhoireann ar chomh chaighdean, arsa Aaron Ó Scéacháin, Captaen Everton. D’imir Sam ó Mórán go maith d’Everton.
Arsenal 2-1 Liverpool
Arsenal ag troid ar ais
Fuair Beibhinn agus Riain ó Muirthile na cúil d’Arsenal a bhuaigh a chéad cluiche le tamall. ‘Tá súil agam go bhfaighfimid isteach sna bahtaí craoibhe den sraith seo’, arsa Beibhinn, Captaen Arsenal.
Tráchtaireacht ar an gCluiche: 9 Meitheamh 2009
Hull 3 - 3 West Brom
Tá sé deacair Seán Mac agus a fhoireann a chloí. Fós ar bharr na sraithe ach bhí séiad i mbaol an cluiche inniu a chailliúnt.
Arsenal 1 - 2 Man City
Aodh Ó Conchubhair a bhfuair na cúl d’fhoireann City a choimeadann iad ag dreapadh na sraithe.
Sunderland 6-4 Man Utd
Sunderland ag baint díoltas amach tar eis an cluiche céanna a chailliúnt an tseachtain seo caite. Bua tábhachtach.
Tráchtaireacht ar an gCluiche: 8 Meitheamh 2009
Sunderland 8-7 Spurs
Evan Ó Conchubhair abú!
Tar éis cluiche mór a chailliúnt in aghaidh Man U ar an Aoine tháinig Sunderland ar ais le bua diantuillte in aghaidh an fhoireann is mí-amhraí sa sraith, Tottenham. Arís chaill foireann CriostóirUí Shuilleabhain le cúl amháin. Laoch an chluiche ná Jack Ó Broin, rang 4, i gcóir Spurs.
Man City 8-1 Chelsea
Eric ar leathchos!
Tá Eric Yahaya ar leathchos de bharr gortú dá ghlúin a tharla i ndiaidh scoile an Déardaoin seo caite. Ta baol ann go bhfuil sé briste. Inniu bhí ar Chelsea imirt in aghaidh Man City gan a príomhscórálaí Yahaya. Leis an sli atá City ag imirt na laethanta seo ní raibh seans acu. Cad a tharlóidh amach anseo do Chelsea bocht?
Aston Villa 5-3 Liverpool
Trí chúl do Jordan Mac!
Fuair Jordan Mac Carthaigh 3 cúl do Aston Villa inniu le bua eile don Villa. Le Eic Yahaya gortaithe tá Villa ag súil go gabhfaidh siad tharstu ar chlar na bpointí.
Tráchtaireacht ar an gCluiche: 4 Meitheamh 2009
Tottenham 12-12 Chelsea
Cluiche iontach agus arís bhí Spurs chun tosaigh go dtí an nóiméad deireannach nuair a fuair Joe de Bhard cúl an chluiche – íseal agus sa chúinne. Shábháil Eric cic éirice in am breise. Tá West Brom sásta mar tá said fós chun tosaigh ar Chelsea.
Man City 2-1 Aston Villa
Bhuaigh Darragh Mac Carthaigh na pointí do Man City le cúl sna soicindí deireannacha. Fágann an chailliúnt seo Aston Villa fós sa tríú áit ach le Morgan agus Jordan ó Rang 4 ar ais cheap said go mbeadh an bua acu. Tá Man City ag dreapadh an tábla gan dabht.
Hull 6-6 Arsenal
Cheap gach duine go mbeadh sé seo éasca do fhoireann Chormac Tnúthail ach bhí an t-ádh leo gur chriochnaigh said ar chomhscór. Pilib Ó Labhaire a fuair cúl d’Arsenal.
Tráchtaireacht ar an gCluiche: 3 Meitheamh 2009
Aston Villa 7-3 Everton
Bhí Aston Villa gan Morgan Ó Leochain agus Iordan Mac Cárthaigh (imithe ag surfáil ar a dturas scoile) agus fós bhuaigh siad. Fuair Cian Denton rang a haon cúl iontach do Aston Villa a choimead iad sa chluiche nuair a bhi siad faoi bhrú úafásach ag tús an chluiche. Cé a dúirt ná féidir leat imirt i gcuaráin arsa Cian Denton. B’fhiú a bheith ann chun a chéiliúradh tar éis an liathróid a bhá san eangacha a fheiscint. Laoch an chluiche Liúc Ó Conchubhair Rang 3.
Man City 6-0 Liverpool
“Ní féidir linn imirt sa teas seo”, arsa Eoin ó Dálaigh of Liverpool
Tottenham 6-7 Hull
Tar éis a bheith thuas 4-0 d’eirigh le Spurs cluiche eile a chailliúnt. Nuair atá tú ag bun an tábla ní ritheann an liathróid duit. Bhí siad gan Jack Ó Broin agus chuir Aodán Ó Broin cic éirice ar strae ag an neomat deireannach. Alex Céitinn a shábhail é.
Tráchtaireacht ar an gCluiche: 2 Meitheamh 2009
Chelsea 3-3 West Brom
Comhscór ar Bharr an Chláir
Ainneoin gaiscí Eric Yahaya a fuair trí chúl dá fhoireann Chelsea inniu críochnaigh an cluiche in aghaidh West Brom ar chomhscór. Lumi Kanwei a fuair an cúl a shábháil an cluiche do West Brom. Bhí Eric curtha den bpáirc de bharr droch theanga agus fágadh é ag cuimhneamh ar cad a bhféadfadh a bheith dá mbeadh smacht aige ar a theanga. Mar thaifead fuair Seán Mac Fhionnlaoich cárta buí chomh maith. Tá West Brom ar mhullach clár na bpointí. ‘Cé a stopfaidh sinne anois? arsa Seán Mac.
Sunderland 3-3 Aston Villa
Liverpool 1-1 Everton
Ní raibh aon fhoireann i lár an chláir in ann teacht aniar aduaidh ar chomhscór na bhfoirne uachtaraigh.
Gaeilge
English