Duais Daithí K
Tionscnamh
Sa bhliain 2002 bhí Daithí ó Ciarba i rang a 4 sa Ghaelscoil nuair a bhí timpiste rothair aige. Gortaíodh go dona é agus fuair sé bás go tragóideach. Ba bhuachaill soinneanta sámh é Daithí go raibh a lán cairde maithe aige sa scoil.
I gcuimhne air mar sin agus le cead a thuistí, Pierse agus Esther Kirby, bronnaimid duais Daithí K ar dalta na bliana ag deireadh Mí Mheithimh roimh bhriseadh do laethanta saoire an tsamhraidh. Roghnaíonn a chomhdaltaí an buaiteoir trí thoghcháin rúnda agus fógraitear an buaiteoir ag searmanas deireadh na bliana ag rang 6.
Ní de bharr cumas acadúlachta nó líon cairde a bhuaitear an duais seo ach mar gheall ar thréithe mar chaoine agus cineáltas le pobal na scoile i gcoitinne, le gach dalta ó gach rang idir óg agus aosta chomh maith le chomhdaltai ranga. Déanfaimid tréaslú ó chroí leo siúd a thuill meas na scoile le Duais Daithí K a bhuachaint.
Liosta Buaiteoirí
- 2009: Síofra Ní hÉindrí, Rang 6
- 2008: Valerie Ní Chuirrín, Rang 5
- 2007: Paddy Ó Daltúin, Rang 4
- 2006: Niamh Ni Dhaltúin Rang 5
- 2005: Caolán de Paor, Rang 6
- 2004: Ben Ó Céilleachair, Rang 6
- 2003: Lorcán Ó Conchubhair, Rang 6
Pictiúir
Bronnadh Duais Daithí K 2009

Sa phictiúr tá Daithí de Paor, Priomhoide, Pierse Kirby, Síofra Ní hÉindrí buaiteoir, Siobhán Reddy máthair Shiofra agus Esther Kirby.
Bronnadh Duais Daithí K 2008

Sa phictiúr bronnann Esther Kirby an duais ar Valerie Ni Chuirrín (Rang 5). Sa phictiúr chomh maith tá ó chlé, Ger Curran, Pierse Kirby, Máire Uí Chuirrín agus Daithí de Paor, Priomhoide.
Gaeilge
English