Stair

Ó bhunú na scoile i 1985, tá Gaelscoil Philib Barún i mbun feachtais le scoil bhuan a thógail. In aineoin na blianta agóide agus feitheamh foighneach tá an scoil lonnaithe fós i seomraí réamhdhéanta. Seo leanas stair in ord bliana ár bhfeachtais. Tá roinnt ailt ó na meáin ag clúdach an tréimhse céanna ar fáil sa rannóg Clúdach sna Meáin ar an suíomh gréasáin.

1985

Osclaíonn Gaelscoil Philib Barún i Meán Fomhair le 29 dalta agus oide amháin, i dTeach na Trá Móire, Bóthar na Linne, Trá Mhór. Bhí an foirgneamh seo ar cíos ó Coimisinéirí Bhaile na Trá Móire agus toisc nach raibh ach aitheantas sealadach ag an scoil ón Roinn Oideachais ag an am, ní raibh deontais ann do chios nó caiteachas cóiríochta.

1989

Bogann Gaelscoil Philib Barún a 65 daltaí agus a triúr oide ranga go Teach Réalt na Mara, Bóthar na Linne, Trá Mhór, i Meán Fómhair agus tógtar trí sheomra thuas staighre ar cíos ó Shiúracha na Carthannachta. Ní raibh coinniollacha oibre mar ba chóir ar ndóigh ach chuidigh foireann agus tuistí le péinteáil agus teas lárnach taisceach a chur isteach. Bhí bealach éalaithe dóiteáin curtha isteach chomh maith.

Diúltaíodh d’iarratas chuig an Roinn Oideachais ar na deontais chaoithe ar na hoibreacha seo de bharr aitheantais shealadaigh na scoile. Níor bronnadh an t-aitheantas buan ar an an scoil go dtí 1993. Bhí carnú airgid tuismitheoirí ríthábhachtach ag an am mar gheall ar dhiúltú údaráis an pharóiste síntúis áitiúil a thabhairt dúinn.

1992

D’aithnigh an Bord Bainistiochta suíomh ag Cruabhaile Uachtarach, (suíomh 1), don scoil, d’aontaíodh ar phraghas leis an díoltoir agus an Roinn Oideachais, faoi réir cead pleanála a fháil.

1993

Diultaíodh do chead pleanála do scoil chuig sheomra ranga ar shuíomh 1 ag Cruabhaile Uachtarach. Bhí an gá do athlimistéarú agus a ghiorracht don cuarbhóthar a bhí molta ag an am luaite sna cúisseanna don diúltú.

1994

D’aithnigh an Bord an dara suíomh i gCruabhaile Uachtarach, (Suíomh 2) agus tar éis cainteanna fada bhí comhaontú ann faoi phraghas idir na páirtithe arís faoi réir cead pleanála a fháil. Toisc go mbeadh seilbh ag an Roinn Oideachais ar an suíomh ní raibh gá le síntiús áitiúil.

1995

Diultaíodh cead pleanála a thabhairt agus deanadh athchomharc go dtí an Bord Pleanála, ar chomhairle na Roinne Oideachais, áit a sheas an cinneadh.

1996

Tionóladh sraith cruinnithe le oifigí an Comhairle Chondae le iarracht a dhéanamh suiomh oiriúnach sa Trá Mhór a aimsiú don Ghaelscoil.

1997

Chuir tiarnaí talún Teach Réalt na Mara an Bord Bainistiochta ar eolas go raibh said den tuairim go raibh fás na scoile ina cóiriocht reathach doshuite. Thacaigh suirbhé ailtireachta ar an an bhfoirgneamh leis an dtuairim seo agus chuir sé seo in aghhaidh athnuachan a dhéanamh ar léas na scoile ar Teach Réalt na Mara.

Thosaigh cainteanna le roinnt forbairtheoirí a bhí i mbun tograí tógála i mBaile na Trá Móire agus lorgaíodh dearcadh an Chomhairle Chondae maidir le suíomhanna ionchasacha.

1999

Tar éis dul i gcomhairle le Bainisteoir an Chondae, Dónal Ó Conghaile, thosaigh cainteanna le Ráschúrsa na Trá Móire, faoi cheannach suíomh ar a thailte ag Cruabhaile Uachtar an Trá Mhór. Cuireadh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ar eolas faoin shuíomh a bhí réidh láithreach le ceannach Mí na Nollag 1999.

2000

Thionscainigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta staidéar ar daoneolaícht na scoile agus a fás tuartha i Mí Bealtaine. Moladh foirgneamh 8 seomra agus suiomh 2.5 acra. Bhrostaigh an Bord Bainistíochta an staidéar agus d’iarradh an ceannach a dheifriú. D’iarr an Roinn ar Oifig na nOibreacha Poiblí i Mí na Nollag teagmhál a dhéanamh leis na dioltóirí.

2001

Le moill na n-oifigeach luachála ag teacht go Trá Mhór mhéadaigh an praghas fá dó. I Mí na Nollag, fhaid is a bhí cainteanna ar bun idir Oifig na nOibreacha Poiblí agus Rás Chúrsa na Trá Móire, ní raibh Gaelscoil Philib Barún luaite ar aon liosta do cheannach suímh laistigh den Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Cuireadh é seo ina cheart tar éis idirghabhál déanta thar cheann an Bhoird leis an Roinn.

2002

Tá ceannach an suímh aontaithe ach de bharr na práinne le riachtanais cóiríochta na scoile tá seomraí sealadach réamhdhéanta tairgthe ag an Roinn. D’aontaigh an Bord go drogallach agus d’iarr said ar an Roinn iad a chur ar shuíomh eile ar fáil ar cíos on Rás Chúrsa, taobh leis an suíomh ceannaithe, ionas nach gcuirfi bac le tógail na scoile buaine. Diultaíonn an Rannóg Pleanála don tairiscint seo agus tugadh treoir don scoil bainisteoir tionscnaimh a cheapadh le seomrai réamhdhéanta a chur ar chuid den suíomh a bhí á cheannach.

Bhí iarratas ar chead pleanála do 9 seomra réamhdhéanta déanta agus faighte ach níor cheadaigh an Roinn ach do 7.

2003

Bogann Gaelscoil Philib Barún isteach ar shuíomh neamhchríochnaithe i Mí Eanáir tar éis deacrachtaí fadaithe le conraitheoirí ar an suíomh. Tosnaíonn borradh fás ar lion daltaí na scoile i Meán Fómhair.

2004

Cuireadh iarratas nua isteach ar chóiriocht shealadach le dul i ngleic le borradh fáis na scoile. Dá bharr bhí breis oibreacha suímh agus iarratais ar phleanail de dhíth. Rinne an bord iarracht a mhórthionscnamh tógála a chur chun cinn.

2005

Bhí staidéar nua ar daonnra na scoile ag teastáil ón Roinn. Chríochnaíodh é seo i Mí Bealtaine agus bhí sé curtha ar aghaidh láithreach. Ní raibh freagra ar bith ón Roinn.

2006

Tar éis athrú foirne sa Rannog Pleanála ag an Roinn Oideachais, bhí orainn cóipeanna breise denár n-iarratas a chur arís chucu. I Mí na Samhna mhol an Roinn go dtógfaí scoil 12 seomra ar a thailte i gCruabhaile Uachtarach do Ghaelscoil Philib Barún. Ghlac an Bord leis an moladh seo go foirmiúil ar an dtoirt.

2007

D’fhan an Bord le ceapadh foirne dearaidh agus cuairt theicniúl ar an suíomh. Cuireadh an togra ar bhanda priorachta 2.2 leis an rannóg nuachruthaithe Aonad Limistéar Faoi Bhorradh Fáis. Iarradh ar ionadaithe pobail ár gcás a árdu leis an Aire.

2008

I Mí Márta d’ardaigh an tSeanadóir Padraig ó Cofaigh cás na scoile sa Seanad.

I Mí Aibreáin bhuail toscaireacht ón scoil le hionadaithe na Roinne i dTulach Mór agus tugadh le tuiscint dóibh go mbeadh an scoil ag imeacht ar aghaidh go Banda 1 ar an liosta priorachta.

I Mí Deireadh Fomhair i bhfreagraí ar cheisteanna Dála, mhaigh an tAire go raibh an scoil fós i mBanda 2. Ar lean ar seo i gcainteanna le ionadaithe na Roinne dúradh leis an scoil nach raibh aon mhórthionscnamh tógála curtha ar aghaidh ar na bandaí mar gheall ar easpa airgid. Chuir an scoil tús le feachtas eile stocaireachta le ionadaithe áitiula idir teachtaí agus seanadóirí agus tarraingítear ard ar chás na scoile sna meáin áitiula.

I Mí na Samhna, d`fhostaigh an scoil ailtirí, dhb Architects, Port Láirge, le pleananna do fhoirgneamh buan a dréachtadh i gcoinne tola na Roinne.

I Mí na Nollag chuaigh Comhphairtíocht LEADER Phort Lairge i dteagmhail leis an scoil mar gheall ar phleanáil áiseanna pobail i dteannta leis an bhfoirgneamh buan don scoil. Cuireadh tús le tionól cruinniu poibli sa scoil.

2009

I Mí Eanair, tionóladh cruinniú poiblí in Óstán an Grand, Trá Mhor, le ard a tharraing ar fheitheamh 24 bliain na scoile ar foirgneamh buan.

Iarradh ar thuismitheoiri ceistneoir maidir lena a mianta I leith scoil bhuan a lionadh.

Tugadh deis do daltai na scoile a ndearadh féin a chur faoi bhraid an phobail i Stáisiún an Gharda Chosta.

Bunaíodh FoChoiste poiblíochta le ard a tharraing ar riachtanaisi cóiríochta na scoile.

Bunaíodh Fochoiste tógala le idirghabhál a dhéanamh leis na hailtirí.

Scríobhann an Bord Bainistíochta go dtí an Roinn Oideachais is Scileanna ag cur síos ar an gcomhthionscnamh molta le Waterford Leader Partnership agus ag lorg cead na Roinne na dearaí a fhorbairt le hiad a chur faoi bhráid na n-údaráis phleanála áitúla.

2010

Ní fhaigheann an Bord aon fhreagra nó fiú admháil ar a litir agus cinntear cruinniú a lorg leis an Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna, Máire Ní Chochlainn, T.D., i Mí Bhealtaine. Ar deireadh i Mí Mheán Fómhair freagraíonn an tAonad Measúnachta Tionscnaimh, Tulach Mór. Cuirtear an Bord ar eolas nár chóir ailtiría fhostú leis an dtionscnamh a chur chun cinn agus go gcaithfí fanacht leis an dtionscnamh a chur chun cinn sa ghnáthphróiséas. Leanann freagra ó Oifig an Aire a dheanann athrá ar seo agus a mhaíonn go mbeadh cruinniú ag an bpointe seo róluath.

Fuair feachtas na scoile go leor poiblíocht i rith Mhí na Samhna agus Mí na Nollag sna nuachtáin áitiúla agus náisiúnta chomh maith le radio áitiúl. Go háirithe deanadh mórthrácht ar an scoil ar an Irish Times on 30 Nollaig 2010 – alt leis an grianghraif den chomhartha ceiste.

2011

Fuair an Ghaelscoil deascéal ar deireadh thiar thall ar an 26 Eanair 2011 nuair a bhfógraíodh go gcuirfí ár n-iarratas ar mhórthionscnamh tógála go dtí Staid Pleanála Ailtireachta i rith 2011. Láinseáladh leathnach ar leith ar shuíomh na scoile don Olltoghchán.

Rith roinnt nuachtáin áitiúla le preas ráitis na scoile i leith an toghchain i bhFeabhra 2011 (Waterford News & Star and Waterford Today).

Bhí cuairt theicniúil ar an 11ú Bealtaine ó ailtirí agus innealtóirí na Roinne. Bhuail Cathaoirleach an Bhoird, Seán Breathnach, an Príomhoide, Daithí de Paor agus Cathaoirleach Choiste na dTuistí, John Breen le toscaire na Roinne. Ní fhacthas aon bhac le dul chun cinn an tionscnaimh.

Ghabh ár n-iarratas ar aghaidh go Pleanáil Ailtireachta i Mí na Samhna 2011.

Eisíodh an ghairm do thairiscintí ó Ailtirí, Suirbhéirí Cainniochta, Innealtóirí Seirbhísi Tógála agus Innealtóirí Sibhialta / Struchtúra ar láthair gréasáin rtairiscintí, www.etenders.gov.ie, ar an 8ú lá Nollaig 2011.