Feachtas Tógála
Introduction
Is toradh ar fhealsúnacht nó ar chlár oideachais foirgneamh scoile. Cad a léiríonn mionbhoscaí réamhdhéanta, aonfhoirmeach suite ar shuíomh dea-radharcach ag féachaint anuas ar thrá na Trá Móire, fúinn agus faoin ár bhfealsúnacht oideachais?
Ba iomaí caithréimeanna agus teipeanna a bhí ag coimhlint 27 bliain Ghaelscoil Philib Barún ar son cóiríochta córa. Tá sé de rún againn plé leis an gceist seo go críochnaitheach cuimsitheach le pleananna a dhearadh do struchtúr buan a bheadh costéifeachtúil, nuálach agus tarraingteach ar shuíomh na Roinne ag Cruabhaile Uachtarach sa Trá Mhór. Foirgneamh a bheadh an baile mortásach faoi agus sásta a thaispeáint do thurasóirí agus iad ag triail ar an ionad saoire cois farraige. Foirgneamh a léireoidh fealsúnacht le meas do oideachas dá haos óg agus a chaitheann an ghaelscolaíocht mar shuaitheantas éagsúlachta a ghineann athbheochaint na Gaeilge sa cheantar.
Le toil pholaiticiúil is féidir linn deireadh a chur le cur amú acmhainní ganna ar áiseanna ar cíos. Tá cláracha tógála bunscoileanna gannmhaoinithe le blianta. Tá gaelscoileanna ag deireadh an scuaine i gcónai nuair a tugtar cead do scoileanna nua tosnú ag tógáil. Tá 60% de Ghaelscoileanna i gcóiríocht shealadach. Teastaíonn uainn dul lastuas den treoch agus an lámh in uachtar a bhreith ó na cliarlathaigh ag útamáil. Teastaíonn uainn scoil a thógáil!!
Manna an Fheachtais
‘Sé manna oifigiúil an fheachtais ná:
Foirgneamh Buan do Ghaelscoil Philib Barún.
Gaeilge
English

