Stair Aitiúil

Pilib Barún is ainm dom (Ainm.ie, 2016)

Pilib Barún: Stair Bheacht (Daithí de Paor, 2009)

Rugadh Pilib Barún i bPort Lairge i 1803. Ball de chlann saibhir ab ea é go raibh taillte acu i bPort Mhór, Port Láirge. Thug sé tacaíocht do Chumann na gCaitliceach ag Dónall ó Chonaill agus bhunaigh sé nuachtain ag tacú le fuascailt na gCaitliceach i lár na 1820idí. D’fhoilsigh sé alt áfach a thug míchlú ar iarthóir freasúra toghcháin agus tar éis cás cúirte gearradh pionós airgid air agus bhí ar eirí as an bhfoilsitheoireacht nuachtáin.

Bhí taillte aige i Seafield, Bun Machan taobh leis na mianaigh copair. Bhí daonra mór bailithe sa cheantar de bharr na deiseanna fostaíochta a bhí ar fáil sna mianaigh céanna agus b’í Gaeilge teanga na cosmuintire ann a bhí gan oideachas. Mar thionscnamh dá dheoin neamspeách féin agus gan aon chúnamh ó thogra scoileanna naisiúnta an stáit do bhunaigh sé scoil a mhúin na hábhair ar fad trí mheán na Gaeilge. Thóg sé foirgneamh galánta tríspuacah agus d’fhoilsigh sé sraith leabhartha caighdeánaithe léitheoireachta agus iris sheachtainiúl Ancient Ireland.

Bhí a mheoin féin aige maidir le Gaeilge. Nior thacaigh sé le Ó Conaill agus go leor dá lethéid a chaith anuas ar Ghaeilge agus a mhol an Béarla mar theanga nua-aiimseartha a thabharfadh buntáiste eacnaimíochta dóibh siúd a labharfadh é. Chreid sé go raibh saibhreas sa Ghaeige agus go mba choir go dtabharfaí deis ag lucht a labhartha a ghnó a dhéanamh agus a oideachais a fháil trí mheán na Gaeilge. Rinne sé beart de réir a bhriathar idir na blianta 1834-35.

Mana Philib Barún: Beidh an Ghaodhailigh fá mheas fós

Ní raibh rath ar a scoil mar bhí sé ag freastal ar phobal gan airgead agus le costaisí foilsitheoireachta agus tógála ídíodh a mhaointe go sciopaí. Ní bhfuair sé tacaíocht óna chomhuaisle mar ar nós Uí Chónaill bhi an tuairim láidir ann ná raibh todhchaí ag an nGaeilge. Theip ar an gColáiste agus theith Pilib is cosúil óna chreidiúnaithe. Is beag eolas atá againn faoi ina dhiaidh ach deirtear go bhfuil sé curtha i bPáras na Fraince.

Tá Gaelscoil Philib Barún, sa Trá Mhór ar an gCósta Copair tiomsaithe dá oidhreacht.

Pilib Barún: Fear Mistéire (Dóirín Ni Mhurchú, 1976)

Is alt fiorshuimiúl é Pilib Barún: Fear Mistéire go bhfuil ardmheas air mar bheatháisnéis. Scríofa ag Dóirín Ní Mhurchú i 1976 don sraith ag The Old Waterford Society agus athscríofa go digiteach agus aistrithe do shuíomh Ghaelscoil Phlib Barún.

Peats Burns: An Cainteoir Dúchas Deireanach? (Breandán ó Cathbhuaidh, 2009)

San eagrán is deireanaí den leabhair an Linn Bhuí tá alt suimiúl scríofa ag Breandán ó Cathbhuaidh ar Peats Burns, seanchaí, a mhair i nDún na mBreatain, siar ó Fhionnúr go dtí deireadh na seascaidí. Bhí Gaeilge ó dhúchais aige agus neart scéalta is amhráin déiseach ar eolas aige. Arbh é an cainteoir dúchais is deireanaí in Oir-Dhéise? Is féidir an t-alt ina iomlán ag Breandán Ó Cathbhuaidh a rochtain anseo.