Sainmheoin na Scoile
Dathanna na Scoile
Is iad dearg agus liath dathanna oifigiúla Ghaelscoil Philib Barún. Úsáidtear na dathanna i suaitheantas na scoile, ar éide scoile agus i gcomhfhreagras oifigiúil uilig na scoile. Roghnaíodh an scéim dhaite dhearg agus liath chun idirdhealú a dhéanamh idir na scéimeanna daite in úsáid ag na scoileanna eile i dTrámhór.
Suaitheantas na Scoile
 |
Patrún ciorclach de snaidhmeanna mara (i ndathanna na scoile) mórthimpeall ar an bhfocal ‘Gaelscoil’ atá mar shainthréith an suaitheantais. Usáidtear íomhá an eich uisce chun an ‘s’ san fhocal ‘Gaelscoil’ a léiriú. Tá dathanna an phátrúin fite fuaite le chéile chun nádúr dhátheangach na scoile a chur in iúl. Leiríonn an t-each uisce suíomh farraige na Trá Móire. Dhear Deirdre Uí Mhaidín agus Risteard O Murchú an suaitheantas i 1985.
Cliceáil ar an suaitheantas thall chun ceann níos mó a fheiceail.
|