30 Nov 2018

Team Hope, “Make a Wish” agus Naomh Uinseann de Pól

Posted by James Mernin

Bhailigh daltaí Rang 6 boscaí bróg ar son Team Hope. ‘D’iarramar ar gach duine bosca bróg a thabhairt isteach lán le rudaí deasa mar mhilseáin agus éadaí,’ arsa Niamh Ní Dhálaigh. Chuaigh na boscaí go dtí áiteanna mar an Rómáin agus an Afraic. Tháinig duine ó Team Hope an tseachtain seo caite le 134 bosca a bhailiú agus a thabhairt go dtí an bád,’ a deir Aimí Ní Chonchubhair. Anuas ar sin bhí díolachán císte agus leabhair sa scoil agus carnadh €800.

Go raibh maith agaibh.