6 Nov 2017

Ranganna Gaeilge do thuismitheoirí agus aoisigh

Posted by James Mernin

Cuirfear tús i mbliana le ranganna Gaeilge do thuismitheoirí ar an gCéadaoin seo an 8ú lá Mí na Samhna 2017 ó 9:30 go dtí 10:30 i seomra leabharlainne na scoile. Beidh na ceachtanna dírithe ar chomhrá ach beidh míreanna faoi conas cuidiú le obair bhaile. Bíonn meascán cumais sna ranganna agus tá siad saor. Fáilte roimh chách.