12 Jun 2017

Beidh an Ghaodhlaigh fá mheas Fós

Posted by James Mernin

Ar ócáid oscailt na scoile nua foilsíodh an t-alt seo sa Munster Express.

“Beidh an Ghaodhlaigh fá mheas Fós” — Pilib Barún (1801-44)

Tá Gaelscoil Philib Barún ar an bhfód anois breis is tríocha bliain. Ag freastal go dílis ar mhuintir na Trá Móire gur mhór leo an Ghaeilge agus gur mhaith leo go bhfreastlódh a bpáistí ar ghaelscoil.

Tionscnamh pobail a bhí sa scoil ón tús a d’eascair as comhrá i measc gaeilgeoirí a chreid sa mhana “is féidir linn” i bhfad sula raibh sé faiseanta. B’iad a rinne an stocaireacht agus a d’earcaigh daltaí. Ceapadh príomhoide, Deirdre Ní Ghallachóir, agus thosnaigh 29 dalta i gcóiriocht ar chíos i dTeach na Trá Móire. Tús maith leath na hoibre a dhéarfá ach ba mhór na constaicí a bhí roimh an scoil ó thaobh cóiriochta de i gcónaí. Bogadh go Teach Stella Maris i 1989 ach lean deacrachtai i gcónai teacht ar shuíomh oiriúnach don scoil.

Faoi dheireadh ag tús an chéid seo cheannaigh an Roinn Oideachais is Scileanna 2.5 acra ar Chruabhaile Uachtarach agus anois tá foirgneamh buan againn ag féachaint anuas ar an gCúl Trá , na dumhca maorga agus na túir ar Ceann Brownstown.

Gur fada buan sinn ar leac ár gcnoic. Tá an tír anois breac le gaelscoileanna agus rogha ann anois i ngach baile agus bruachbhaile do thuismitheoirí gur suim leo taithí saibhir a thabhairt don chéad glúin eile ar theanga a sinsear. Ná ceart agus ná cóir gur amhlaidh do pobal oirdhéiseach na Trá Móire. Fuair an cainteoir Gaeilge deireanach bás sna 1960í ach tá Gaeltacht cois baile anois laistigh de gheataí Ghaelscoil Philib Barún.

Mar a dúirt an gaeilgeoir is teagascóir ón 19ú aois, Pilib Barún, nuair a bhunaigh sé an chéad gaelscoil sa bhliain 1833 I mBunmachan, “Beidh meas ar an nGaeilge fós” agus go dtí an lá sin tá sé de dhualgas orainn an ghaeilge a chothú i measc an phobail.