19 Apr 2010
Gáirdín Pobail le Cruthú
Tá achar beag talún bronnta ag Gaelscoil Philib Barún ar Transition Town Tramore le haghaidh spas do gháirdín pobail. B’fhéidir go bhfuil sé tugtha faoi deara ag daoine ag gabháil thar bhráid na scoile go bhfuil tolláin plaisteach ardaithe ag buíon garraíodóirí deonacha díograiseacha. Beidh cruinniú poiblí sa scoil ar an gCéadaoin an 21ú lá Aibreán ag 8 i.n. le pleananna a phlé don ghairdín. Más garraíodóir cíocrach tú nó duine atá nuathagtha go gach atá glas tá fáilte romhat. Tá T3 agus a garraíodóiri deonacha ag casadh an chéad fód ar an Aoine seo chugainn ag 7.30 sa scoil. Bí ann le buataisí agus spáid.
Grúpa garraíodoirí i mbun oibre ag Gaelscoil Philib Barún
Mar chuid de scéim oideachais a bhaineann leis an dtogra beidh ceardlann sáilí ar an Satharn 1 lá Bealtaine óna 10 r.n. go dtí 1 i.n. Foghlaim conas bealach áirseach sáilí a thógail agus mar aon le achar muiríne i do ghairdín. Iarrtar síntius seacht euro ó rannphairtithe. Cuir do shonraí go Fiona ag tramore20@eircom.net le áit a chur san áireamh. Glacfar go fonnmhar le ábhar mar barrithir, síolta agus ar eile. Téigh i dteagmhail le Fiona más suim leat a bheith páirteach sa tionscnamh fiúntach seo. Gheobhaidh tú T3 ar Facebook ag “Transition Town Tramore T3“.
Gaeilge
English