23 Feb 2010
An Brat Glas le hArdú
Tiocfaidh an tAire Máirtín Ó Cuilinn go Gaelscoil Philib Barún leis an mBrat glas a ardú ag 11.30 ar an 5ú lá Márta 2010. Tá failte roimh tuismitheoirí ata ar fáil le freastal ar an searmanas i gclós na scoile le cead na haimsire.
Bhronn an t-Aire Seán Ó Gormfhlaith brat glas ar an scoil an bhliain seo caite in aithinteas ar dhea-obair an choiste glas, idir daltaí agus tuismitheoirí, ag laghdú dramhaíl sa scoil. Cuireadh an searmanas siar go dtí go raibh obair tógala sa scoil críochnaithe agus na seomraí nua réamhdhéanta críochnaithe. Is ábhar mór mórtais dúinn an brat seo a ardú.
Related Articles: Séamas Ó Fuada chun ár mbrat a ardú (3 Márta 2010)
Gaeilge
English
[...] An Brat Glas le hArdú (23 Feabhra [...]
Gaelscoil Philib Barún » Blog Archive » Séamas Ó Fuada chun ár mbrat a ardú
March 3rd, 2010 at 16:48permalink