22 Feb 2010
Drámadóirí na Gaelscoilí
Bhuaigh Rang 4 agus 5 trí duais ag Coirm Gael Linn le déanaí ag Amharclann Naomh Mhichíl i Ros Mhic Treoin. Léirigh siad an drama Shrek agus bhí tionlacan drumadóirí Rang 4 faoi stiúradh Múinteoir Ben acu ag an tús. Ina léirmheas luaigh Tomás Ó Nealán, Breitheamh, go raibh féith an ghrinn go mór chun tosaigh agus an-chumas léirithe ag an bhfoireann ar fad. Luaigh sé go háirithe na príomhaisteoirí a bhí go soiléir líofa ina gcur i láthair. Bhí moladh ar leith ag dul dos na drumadóirí. An chéad stop eile ná Broadway b’fhéidir.
Luaigh roinnt en lucht féachana binneas agus cumas amhráiníochta na gcailíní a chan Halleluia, le Leonard Cohen as Gaeilge, go háirithe Síle Breathnach.
Gaeilge
English