23 Jan 2010
Clárú do Naíonáin Bheaga 2010
Más suim leat do pháiste a chlárú do Naíonáin Bheaga 2010 ní foláir iarratas a bheith istigh i rith Mí Feabhra. Fiú iad atá tar éis foirm a lionadh cheana féin táimid ag iarraidh orthu an t-iarratas ar chlárú a dheimhniú i scríbhinn arís. Gheobhaidh iad san a réamh-chlaraigh foirm nua le lionadh sa phost. Déan deimhin go bhfuil teastas breithe leis an bhfoirm iarratais. Tá fáil ar fhoirm cláraithe anseo. Má bhaineann aon chritéir luaite sa pholasaí cláraithe leis an iarratas cuir sinn ar eolas faoi.
Baineann seo le coinníolacha leagtha síos ins an Polasaí Cláraithe atá le rochtain.
Tá fáilte roimh fiosruithe faoi chlárú agus oideachas lánghaelach ach glaoigh isteach ar an scoil.
Gaeilge
English