9 Oct 2009

Tá an t-airgead ag an Aire

Posted by James Mernin

De réir a admhail is déanaí, tá €386 milliúin ag an Aire Oideachais is Eolaiochta fágtha ina chiste tógála. A dhothain le fuílleach le scoil bhuan nua a thógáil do Ghaelscoil Philib Barún.

De bharr cúiseanna go bhfios dó amháin tá ár scoil fágtha mar aon le 1,178 scoil eile ag fanacht le hoibreacha caipitil. Is ábhar bróin é seo (tar éis 24 bliain caite cheana féin ag fanacht ar fhoirgneamh) chomh maithe le ábhar scanaill nuair a thógtar san áireamh an méid scoileanna eile sa staid chéanna linne.

Is coiriúil an fhiric í go bhfuil €386 milliún d’airgead buiséadaithe ach nach bhfuil caite. Coiriúil ar ár leanaí agus coiriúil ar oibrithe tógála faoi scáth na héiginnteachta agus cruatain i ndán dóibh na laethanta seo. Dheimhnigh an tAire go caithfí an airgead ach níor dúirt sé cathain, cá háit nó conas.

Leanann an feitheanh…

Subscribe to Comments

One Response to “Tá an t-airgead ag an Aire”

  1. D’eirigh go glic leis an Aire an cheist a sheachaint. Tá’s ag an saol nach féidir leis an Aonad Tógála sa Roinn na foirgnimh a sheachadh de réir éilimh. Ní raibh siad riamh in ann fiú agus an tír ag snámh san airgead. Níor bhuail an súnamí daonra go fóill agus tá an tAire ag caint faoi mhargadh a bhfuair sé sa ghiobalshiopa áitiúl ag ceannach buicéad agus sluasad.

    The Minister dodged the issue quite cleverly. The delivery of projects by the DES has always been problematic. When the money was there they could not deliver. There are too few projects progressing too slowly in light of the demand already there for buildings. The population tsunami approaches while the Minister boasts about the great value he got in the local novelty shop buying his shovel and bucket.

     

    Daithí de Paor

Leave a Reply

Message: