15 Sep 2009

Bás Bheirt Thuismitheoir

Posted by Daithí de Paor

Fuair Nicky O’Connor, Ardáin Mhuire, Trá Mhór, bás an Mhairt seo caite in Oispidéal Réigiúnach Phort Láirge tar éis tréimhse tinneas de bharrr gortuithe a tharla dó go tubaisteach 6 sheachtain ó shin.

B’athair é do Aodh ó Conchubhair Rang 6, Finn Rang 4, Dónal Rang 2; Paddy Naíonáin Mhóra agus Séadh, Naíonra na Scoile agus do Pheig, bunóicín 4 mhí d’aois sa mbaile. Déanann an scoil comhbhrón lena phairtnéir Úna agus a chlann uilig.

Sheas an scoil, idir daltaí, foireann agus tuismitheoirí taobh leis an mbóthar agus an cónra a iompar go Séipéal na Croise Naofa in omós do Nicky a bhíodh go rialta timpeall na scoile ag bailiú a phaistí go soineannta sochair, ag gabháil fhoinn agus é ag stiúradh na garsúin isteach is amach an veain glas.

Déanaimid comhbhróin chomh maith le clann Uí Ghabhain Garráin na Giúise, Trá Mhór tar éis bás Ben Gavin, iarbhall de bhord bainistíochta na scoile. D’fhág Jenna, iníon is óige Ben agus Breda, an scoil dhá bhliain ó shin ach tá cuimhne maith againn ar an clann seo agus ar Ben a thacaigh leis an scoil go tréan agus sinne i mbun fáis sna nóchaidí. B’é Ben an fear a thóg Martin Cullen isteach chugainn le drochchóiríocht na scoile a thaispeánt dó agus gan Martin fiú ina theachta dála ag an am.

Related Articles

Subscribe to Comments

2 Responses to “Bás Bheirt Thuismitheoir”

  1. Nicky was indeed a well known and very popular figure within the Gaelscoil community. He was best known in our family for being the only parent who got to bring their very own 5-a-side soccer team to school with them each day, a task which Nicky so clearly enjoyed. His loss is tragic beyond words.

     

    James Mernin

  2. Ar dheis Dé go raibh a anam

     

    Donagh Ward

Leave a Reply

Message: