15 Sep 2009
Eolas Faoin bhFeachtas Tógála
I rith an tSamhraidh d’fhoilsigh an tAire Oideachais agus Eolaíochta, Batt O’Keeffe, fáisnéis i leith clár tógála na Roinne. Ba shuntasaí an ábhair léitheoireachta é dúinn mar phobal scoile atá ar an liosta féithimh. Is féidir na sonraí a íoslódáil anseo: Department of Education & Science – Information By Topic.
Tugaimid faoi deara nach bhfuilimid bogtha aon phioc ar aghaidh ó chuireamar ár n-iarratas isteach i 2005. Táimid le fáil ar liosta na n-iarrthóirí ar mhórthionscnamh tógála, sinne i measc breis is míle scoil eile.
Is ábhar spéise agus diomá é chomh maith go mbronntar fós aicme 2.2 ar ár n-iarratas nuair atá an dá bhunscoil eile inár gceantar, Holy Cross National School agus Glór na Mara ar bhanda 1, an ráta príorachta is airde. Léirionn sé seo go seo go bhfuil leatrom á n-imirt ar Ghaelscoil Philib Barún. Ní fios d’éinne cad é an réasún le critéir príorachta na Roinne?
Gaeilge
English

