5 Aug 2009
Gaelscolaíocht chun tosaigh i Mata agus Béarla
Tá alt foilsithe san Irish Times le déanaí ag Pól ó Muirí a chuireann síos ar thaighde nua an Dochtúir Réamaí Mathers, feidhmeannach le hIontaobhas na Gaelscolaíochta i mBéal Feirste, faoi buntáistí na gaelscolaíochta agus an tumtheagasc do fhoghlaimeoirí i suíomh oideachais an tuaiscirt. Dúirt Mathers gur léirigh staitisticí ó Roinn an Oideachais, Tuaisceart Éireann, go raibh leibhéal cumais Béarla agus Mata na bpáistí i scoileanna lán-Ghaeilge ní b’fhearr ná scoileanna Béarla an Tuaiscirt.
Dúirt sé gur scrúdaigh sé torthaí Roinn an Oideachais le trí bliana anuas do pháistí bunscoile eochairchéim a dó (páistí idir ocht mbliana agus bliain déag d’aois) agus go raibh na Gaelscoileanna chun cinn ó thaobh an Bhéarla agus Mhata de le linn na tréimhse sin. Is féidir an alt ar fad a léamh anseo.
Gaeilge
English


[...] English-language schools in subjects such as Maths, but also in English itself. We have covered similar articles in the past to this effect and it is all very positive for Irish-language schools [...]
Gaelscoil Philib Barún » Blog Archive » Irish Schools Top at English
June 4th, 2010 at 21:37permalink