12 Jun 2009

Gaelscoil ar Around Tramore

Posted by James Mernin

Tá suíomh idirlíon nua Ghaelscoil Philib Barún comhtháite anois le suíomh nua Around Tramore, suíomh idirlíon pobail nua feidhmnithe ag an Munster Express agus tiomáinithe ag FeedHenry Institiud Teicneolaíochta Phort Láirge.

Úsáideann suíomh Ghaelscoil Philib Barún Córas Báinistíochta Ábhair go bhfuil an-tóir air d’arbh ainm WordPress a thugann an cumas aon ábhar ar bhlog na scoile a chur ar fáil ar an idirlíon leis an bhFotha Idirlion Internet Feed.  Tugann an fotha seo deis do chórais eile a úsáideann teicneolaíocht fhotha-bhunaithe  altanna nua ar shuíomh na gaelscoile a aimsiú go huathoibreach agus iad a athfhoilsiú i bhformáid éagsúil, rud atá ar siúl ag Around Tramore.

De bharr sin, aon alt a fhoilseofar ar shuíomh na Gaelscoile foilseofaí é ar an suíomh Around Tramore chomh maith le Blog na Scoile agus ar aon suíomh ata tar éis liostáil le suíomh na scoile. Córais eile atá tógtha ar theicneolaiocht fhotha-bhunaithe ná  Google Reader, My Yahoo, Newsgator agus Bloglines.

Leave a Reply

Message: