30 Apr 2012
Nuachtlitire, Aibrean 2012
Tá an Nuachtlitir is deanaí (Aibrean 2012) anois ar leathanach na Nuachtlitreach.
30 Apr 2012
Tá an Nuachtlitir is deanaí (Aibrean 2012) anois ar leathanach na Nuachtlitreach.
27 Apr 2012
Tá sé socraithe ag an mBord Bainistíochta go bhfanfaidh na táillí don chíos leabhar mar an gceanna leis an bhliain seo chaite don scoil bhliain 2012/2013. Sé sin, €95 don chéad pháiste agus €85 d’aon páiste ina dhiaidh sin.
Tá an €25 don ealaín agus €15 don fotocóipeáil/achmhainní san áireamh sa phraghas seo (€40).
Is feidir libh na táillí a íoc de réir a chéile do Suzanne san oifig. Ach más é d’ thoil é, bíodh leath don táille íochta roimh Dé hAoine an 27ú lá Aibreán, ionas gur féidir linn na leabhair scoile nua a cheannach.
Má theastaionn uait do leabhair fhéin a cheannach, cur in iúl don oifig é comh luath agus is féidir, ionas go mbeidh an méid leabhair atá le hordú againn i gceart. Má tá tú chun na leabhair a cheannach caithfidh tú na táillí don ealaín €25 agus €15 don fotocóipeáil/achmhainní a íoc áfach. Nuair atá sé seo íochta agat cuirfimid an liosta leabhar chugat i Mí Bealtaine. Tá sé an- thábhachtach go mbeidh na táillí seo íochta mar beidh an t-airgead sin roinnte idir gach rang chun treallaimh ealaíne a cheannach don bhliain.
Má ta ceist ar bith agaibh, is féidir libh dul i dteangabháil liom aon lá tar- éis scoile. Mo bhuíochas as bhúr gcomh- oibrí.
Mise le meas
Múinteoir Caitríona
(Múinteoir atá i bhfeidhil ar na leabhair)
21 Apr 2012
The visit by Minister for Education Ruarí Quinn to Gaelscoil Philib Barún earlier today was featured prominently by two local radio stations, WLRfm and TCRfm, and podcasts from each station are now available at the links below:
A full catalog of these and all other articles covering the campaign are available on the Media Articles section of the school website.
20 Apr 2012
Cuireadh fáilte is fiche roimh an Aire Ruairí Quinn inniu nuair a tháinig sé ar cuairt go dtí an scoil inniu. D’fháiltigh drumadóirí na scoile é agus ina dhiaidh sin do bhí seisiún ceisteanna agus freagraí ag Rang 6 leis ina seomra ranga. D’ardaíodh roinnt mhaith ceisteanna faoina shuimeanna spóirt, faoina shaol polaitiúil agus ar ndóigh faoi eisiamh na scoile againne as liosta tógála na Roinne.
Mhínigh sé cás na Roinne agus an líon scoileanna atá le tógail sa tír ach ag cruinniú leis an mBord Bainistíochta agus ailtirí, dhb Architects, mhol sé go leanfadh an scoil le dearadh foirgnimh nua agus cead pleanála a lorg agus má tharlaíonn sé go mbeidh airgead ar fáil go gcuirfí scoil réidh le tógail mar Ghaelscoil Philib Barún, isteach sa liosta.
D’iarr an príomhoide air go gcuirfí fad feithimh scoile san áireamh nuair a roinntear tionscnamh le chur ar aghaidh.
Thug an Cathaoirleach, Seán Breathnach, cuireadh dó teacht go dtí oscailt oifigiúl foirgneamh Ghaelscoil Philib Barún nuair a thógtar é. Ghlac an tAire leis an gcuireadh.
17 Apr 2012
Tá sé tugtha le fios don bhord bainistíochta go bhfuil an tAire Ruairí Quinn le teacht go dtí an scoil an Aoine seo chugainn le ceist foirgneamh na scoile a phlé. Buailfidh sé le daltaí rang a 6 agus taispeánfaidh siad é timpeall na scoile.
Táimid buíoch do Chiara Conway, TD as an gcuairt seo a eagrú agus tá súil againn a chur i bhfeidhm ar an Aire go bhfuil an scoil ag tnúth go gcuirfidh sé sin isteach ar an liosta tógála in aineoinn ár n-eisiamh as an liosta an mhí seo caite. Tá’s ag an saol go bhfuil feitheamh 27 bliain na scoile seo náireach agus éagóireach agus níl pobal an scoil pioc sásta nach bhfuil plean ag an Roinn ár scoil a thógáil.
Buailfidh an tAire le daltaí agus toscaireacht ó thuismitheoirí agus Bord Bainistíochta. Tá fáilte roimh tuismitheoirí go dtí clós na scoile ach ní bheidh cead isteach sa scoil le linn a chuairte.
17 Apr 2012
Tá ailtire sinsireach na Roinne Oideachais is Eolaíochta, Margaret Brennan, ceaptha mar cheannaire ar fhoireann dearaidh don ghaelscoil bhuan le déanaí. Tá sí cheana fein tar éis cuairt a thabhairt ar an scoil agus bualadh leis na hailtirí dhb agus baill den bhord bainistíochta. Tá sé de rún ag an Roinn scoil a dhearadh go luath, cead pleanála a lorg agus ansin tá súil againn go gcuirfí sinn isteach ar liosta tógála a luaithe is atá deis. Ar ndóigh le tacaíocht an Aire.
17 Apr 2012
Tá fógra faighte ag an scoil go mbeidh Meastóireacht Scoile Uile againn ar an 21 Bealtaine. I rith na seachtaine sin tiocfaidh cigirí na Roinne le féachaint ar mhúineadh agus foghlaim chomh maith le riaradh sa scoil. Tá foireann, bord agus daltaí ag súil le seo agus ar ndóigh beimid i mbun ullmhúchain. Beidh tuairisc na gcigirí foilsithe ar líne amach anseo.
29 Mar 2012
The Waterford News & Star have featured an article about the Taoiseach, Enda Kenny’s surprise at our exclusion from the recent building programme. You can read the full article here.
28 Mar 2012
Tá an Nuachtlitir is deanaí (Márta 2012) anois ar leathanach na Nuachtlitreach.
25 Mar 2012
Bhuail Daithí de Paor, Priomhoide, agus John Wall, Bord Bainistíochta na Scoile, leis an dTaoiseach Enda Kenny ar an Aoine seo caite i gCampas Thiar Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge, Carraig an Iúir. Bhí an Taoiseach ann le hIonad Taighde a oscailt ach d’éascaigh Paudie Coffey, TD, an cruinniú pearsanta tar éis na hocáide.
Labhair an Taoiseach as Gaeilge le Daithí ag fiafraí an fhaid a bhí sé ina phríomhoide agus chuir sé spéis ar leith in ainm na scoile agus i bPilib Barún. Mhaígh Daithí nach raibh pobal na scoile sásta le cinneadh na Roinne Oideachais an scoil a fhágaint as liosta tógála cúig bhliana tar eis dúinn a bheith ag fanach le 27 bliain anuas. Thóg an Taoiseach litir ó Daithí agus do leigh sé cuid de os comhair gach duine agus gheall sé go labhródh sé leis an Aire Oideachais is Scileanna faoi nuair a fhaigheann sé deis tar éis dó filleadh ón tSín. Dúirt sé ná bhféadfadh sé geallúint a thabhairt faoi toradh mar go gceapann a lán scoileanna nach gcaithfí leo go cóir agus go raibh scoileanna ina dháilcheantair fhéin fagtha as an liosta.
Táimid thar a bheith sásta go bhfuil an Taoiseach sásta ard a thabhairt ar ár gcás.
Is féidir an litir a tugadh don Taoiseach a léamh anseo.