3 Jun 2009
Minister Gormley Supports Permanent Building Campaign
Bhi an t-Aire Comhshaoil, Seán ó Gormfhlaith, T.D., ag Staisiún an Gharda Chosta an Aoine seo caite an 29ú lá Bealtaine le pleananna nua-nochtaithe do ghaelscoil agus foirgnimh phobail ar a suíomh ag Cruabhaile Uachtarach sa Trá Mhór a fheiscint.
Le iarrthóir Chomhaontas Glas toghcháin áitiúil, Stan Nangle, taobh leis d’éist an tAire go cúramach le hionadaithe ón mBord Bainistiochta agus tuismitheoirí agus iad ag cur síos ar a bhfrustrachas leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus ag iarradh air a thacaíocht a thabhairt don bhfeachtas don scoil bhuan atá seolta acu mar phobail.
Chuir Fintan Duffy ó Ailtirí dhb, an tAire ar eolas faoi ghnéithe a dhearadh a bhí éacabhách agus a chuireadh le éifeachtach fuinnimh an fhoirgnimh agus mhol sé go mb’fhéidir go bhféadfadh Roinn an Aire an togra a pháirtmhaoiniú ar bhonn piolótach. Dhearbhaigh an tAire go bhféachadh sé go cúramach ar na pleananna agus go ndéanfaidh sé iniúchadh ar shocruithe malartaigh maoinithe don scéim.
Sular d’fhag sé ina ghluaisteán hibrideach plódaithe go doras, dheimhnigh an tAire Ó Gormfhlaith go néascoidh sé cruinniú idir an Bord Bainistiochta agus an tAire Oideachais agus Eolaíochta Batt ó Keeffe.
Bhí foireann tuistí agus daltai na scoile an-thógtha leis an aire agus an spéis ionraic a léirigh sé ina thionscnamh.
Related Articles


Gaeilge
English