Next Post Previous Post

25 May 2009

Pleananna do Scoil Bhuan nochtaithe ag Méara na Trá Móire

Posted by Fionnuala Brennan

Ar an gCéadaoin an 27ú lá Bealtaine, ag 3.30 i.n, nochtfaidh Méara na Trá Móire, Réamainn Ó h-Éideáin, pleananna do scoil bhuan agus foirgneamh pobail deartha ag Ailtirí dhb, i gcomhairle le pobal na scoile agus Comhpháirtiocht LEADER Phort Láirge. Ta fáilte roimh ionadaithe pobail, tuismitheoirí, iarrthóirí toghchain agus grúpaí pobail gur suim leo.

Beidh na pleananna ailtire seo taobh le taispeántas saothar na ndaltaí a bheidh le feiscint go dtí an 7ú lá Meitheamh. Ina measc tá cur síos ar stair na scoile óna oscailt 24 bliain i dTeach na Trá Móire go dtí a tréimhse i dTeach Stella Maris go dtí a tuirlingt ar thaobh an chnoic ag Cruabhaile Uachtarach i seomraí réamhdhéanta! Ta an Ghaelscoil tar eis fás óna clárú reathach de 200 dalta ó ar an gcéad la nuair a bhí 29 agus oide amháin. In ainneoin an fhais seo nil foirgneamh buan ag an scoil go fóill.

Tá macsamhail scoileana cruthanna, coláis montáis agus dánta liteartha cruthaithe ag daltai don taispeántas ag léiriú a bhfíseanna don bhfoirgneamh nua buan. Tá taifead gutha de daltaí ag caint faoina mhianta maidir le cóiríocht. Luaite tá pictiúrlann. bréagain, tolganna, rochtain cathaoir rotha agus go leor eile.

Tá an Ghaelscoil suite ar shuíomh ardaithe os chionn Bhá na Trá Móire le radharcann iontacha mara ar nós ionad an taispeántais, Stáisíún an Gharda Chosta. Is le Gaelscoil Philib Barún a suíomh le páirceanna imeartha, clós crua agus seomraí réamhdhéanta.

Ta Stáisiún an Gharda Cósta ar oscailt Luan go Déardaoin ó 10.30 go dtí 4.30 agus ar an nDomhnach ó 2-5pm.

Le tuilleadh eolas téigh i dteagmhail le eolas@pilibbarun.com.

Leave a Reply

Message: